Tá forbairt Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin agus Ché Inis Oírr san áireamh i dTionscadail Éireann 2040.
Maidir le ché an Chalaidh Mhóir, bíonn mo Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae na Gailimhe go rialta maidir leis an togra seo agus, ag eascairt as na teagmálacha sin agus mar chuid den mheasúnú ar an togra, tá deontas ceadaithe ag mo Roinn don Chomhairle Chontae chun taighde a choimisiúnú ar mhaithe le samhail ionsamhlúcháin a réiteach a léireoidh na roghanna éagsúla don fhorbairt.
Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an togra a mheas arís faoi théarmaí an Chóid um Caiteachais Phoiblí. i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.
Maidir le forbairt Ché Inis Oírr, cuirfear an togra seo chun cinn faoi réir théarmaí an Chód um Chaiteachais Phoiblí chomh maith. Mar chuid den Chód sin, tá oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag comhoibriú ar chás gnó i leith an togra a chríochnú faoi láthair.
Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an cás le haghaidh an togra a thabhairt go dtí céim na tairisceana a mheas i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin. Táthar ag súil an chéim seo a chur i gcríoch roimh dheiridh na bliana.