Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 July 2020

Thursday, 30 July 2020

Ceisteanna (21)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

21. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cathain atá sé i gceist aici beartas a fhoilsiú maidir le hoideachas trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18540/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Freagra:

Go raibh maith agat don cheist, a Theachta.

Tá tiomantas i gClár an Rialtais 2020 – 2025  Ár dTodhchaí Le Chéile polasaí cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí do gach scoil. 

Tá an gealltanas seo i gcomhthéacs na hoibre ar chur i bhfeidhm Straitéis 20-Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Tá mo Roinn-se ag cur i bhfeidhm an straitéis don oideachas Gaeltachta cheana féin agus tá tús curtha le hobair phleanála do pholasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Is iad mo thosaíochtaí reatha ná athoscailt na scoileanna go sábháilte agus an próiseas do na gráid ríofa don Ardteistiméireacht 2020 agus táim féin agus m’oifigigh ag obair go leanúnach leis na páirtithe go léir chun an dá ghné den obair seo a chur chun cinn.

 Cuirfear na gníomhartha tosaíochta ó Chlár an Rialtais, an polasaí do theanga na Gaeilge san áireamh, i mo straitéis trí bliana agus sa phlean feidhmithe bhliantúil. Tá sé i gceist agam an straitéis trí bliana sin a fhoilsiú níos déanaí sa bhliain.

Tá cur chun cinn na Gaeilge fíor-thábhachtach inár scoileanna.

Question:  To ask the Minister for Education (and Skills) when it is intended to publish a policy on Irish-medium education outside of the Gaeltacht and if she will make a statement on the matter.

Answer:

Thank you for the question Deputy.

The Programme for Government 2020-2025 Our Shared Future contains a commitment to provide a comprehensive policy for the Irish language from pre-primary education to teacher education for all schools. 

This commitment is in the context of the work on the implementation of the Government’s 20 year strategy for the Irish language.

My Department is already implementing the Gaeltacht education strategy and has commenced planning work for a policy on Irish medium education outside of the Gaeltacht.

My immediate priorities are the safe reopening of schools and the calculated grades process for Leaving Certificate 2020 and myself and my officials continue to work with all the partners to progress these two bodies of work.

My three year strategy and annual implementation plan will incorporate priority actions from the Programme for Government including the Irish language policy.  I aim to publish this three year strategy later this year.

The promotion of Irish is hugely important in our schools.

Barr
Roinn