Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú sna ceantair Ghaeltachta.
Cheadaigh mo Roinn allúntas €31,880 do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin don obair chomhairleorachta a bhain le forbairt ionad pobail ar an oileán in 2019. Tá áthas orm gur éirigh liom an t-allúntas sin a mhéadú go €53,798 le gairid agus an leibhéal uasta maoinithe caipitil atáthar á sholáthar do thograí Gaeltachta ar na hoileáin faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a mhéadú ó 80% go 90% de na costais iomlána incháilithe. Is chun tacú níos fearr leis an dúshlán a bhaineann le forbairtí den chineál seo ar na hoileáin a tógadh an cinneadh seo.
Fuair mo Roinn iarratas i leith an obair thógála ar 10 Iúil 2020 agus tá sé á mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.