Tuigeann mo Roinn go maith na freagrachtaí atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá gach iarracht á dhéanamh chun a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh fhorálacha an Achta. De bharr práinn a bheith ag baint leis an reachtaíocht a ritheadh sa Dáil an 30 Meán Fómhair, an tAcht Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020 anois, b’éigean an fógra maidir leis an gcomhchomhairliúchán poiblí don dréachtreachtaíocht a fhoilsiú faoi ghéarphráinn chun go mbeadh an oiread ama is féidir ann don chomhchomhairliúchán poiblí agus faraor ní raibh dóthain ama ann an fógra maidir leis an gcomhchomhairliúchán poiblí a aistriú go Gaeilge. Rinneadh an tuarascáil ar thorthaí an comhchomhairliúcháin phoiblí a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge áfach agus tá sí le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/forestry/publicconsultation/ReportonConsultationProcessforForestryirish250920.pdf
Fuair mo Roinn beagnach 9,000 aighneacht le linn an phróisis comhchomhairliúcháin phoiblí le déanaí maidir leis an mBille chun an tAcht um Achomhairc Talmhaíochta a leasú, arb é sin an tAcht Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020 anois. Léiríonn an líon mór aiseolais a fuarthas go raibh rannpháirtíocht ghníomhach ann le linn thréimhse an chomhchomhairliúcháin phoiblí agus rinneadh aon aighneacht a fuarthas i nGaeilge a bhreithniú go hiomlán dar ndóigh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar aighneachtaí.