Tá sé i gceist agam ceisteanna uimhir 90, 92, 93 agus 95 a thógáil le chéile.
Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil gur fógraíodh €14.8m breise d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháinaisnéis an tseachtain seo caite agus ciallaíonn sé sin go bhfuil maoiniú iomlán d'os cionn €78m ar fáil anois d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.
Leis an gcistíocht bhreise seo, beidh mo Roinn féin, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair den scoth ar bun acu ar son na teanga.
Chomh maith leis sin, mar is eol don Teachta, cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Roinn seo mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil, ina raibh soláthar caipitil €8m breise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.
Nuair a chuirtear an maoiniú aon-uaire sin ar leataobh, fágann sé go bhfuil ardú suntasach ar mhaoiniú d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta go €78m in 2021, mar a léirítear sa tábla thíos.
-
|
Buiséad 2020
|
Plean Spreagtha Iúil 2020
|
Buiséad 2021
|
Buiséad 2020 v Buiséad 2021
|
Clár
|
€000
|
€000
|
€000
|
€000
|
An Roinn - reatha
|
22,950
|
|
26,070
|
+3,120
|
An Roinn - caipitil
|
3,224
|
500
|
4,770
|
+1,546
|
Údarás na Gaeltachta - reatha
|
13,652
|
200
|
17,530
|
+3,678
|
Údarás na Gaeltachta - caipitil
|
10,000
|
8,000
|
14,454
|
+4,454
|
Comhoibriú Thuaidh Theas
|
13,383
|
|
15,162
|
+1,779
|
Iomlán
|
63,209
|
8,700
|
78,006
|
+14,797
|
Mar is eol don Teachta, is faoin bpróiséas meastacháin a dhéantar allúntas na Roinne a dheimhniú ó bhliain go bliain. Táthar ag maireachtáil i dtréimhse thar a bheith éiginnte de bharr na paindéime COVID-19 agus na Breatimeachta agus cuireadh é sin san áireamh agus Buiséad 2021 á chur le chéile, mar a léirítear anseo.
Tá measúnacht déanta ag mo Roinn ar thionchar an Bhreatimeachta agus COVID-19 ar Údarás na Gaeltachta agus ar a chliantchuideachtaí. Chuige sin, tá maoiniú breise €8.1m san iomlán ceadaithe d'Údarás na Gaeltachta in 2020 mar seo a leanas:
- Cuirfear €4.45m breise in airgead caipitil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun fostaíochta a chruthú agus chun cliaint-chomhlachtaí an Údaráis a chosaint ón mBreatimeacht agus ón bpaindéim;
- Cuirfear beagnach €3m eile isteach i mbuiséad riaracháin an Údaráis. Saoróidh sé seo airgead a ghinneann an tÚdarás óna chuid acmhainní féin le caitheamh ar obair fhorbartha pobail agus teanga agus ar chothabháil maoine, rud atá éilithe ag an eagraíocht le blianta beaga anuas.
- Cuirfear allúntas breise de €700,000 ar fáil don Údarás le cur i dtreo obair na gcomharchumann Ghaeltachta agus forbairt óige, luathbhlianta agus na n-ealaíon sa Ghaeltacht de réir mar a aithnítear na tosaíochtaí.
Maidir leis an gcistíocht bhreise atá léirithe sa tábla thuas do mo Roinn féin, lena n-áirítear an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, mar aon leis an bpróiseas pleanála teanga agus Foras na Gaeilge, tá airgead ceadaithe mar seo a leanas:
- Cuirfear beagnach €2.4m breise isteach i Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne.
- Cuirfear beagnach €1.8m breise isteach i gcomhoibriú thuaidh-theas a thabharfaidh an chéad ardú san allúntas d’Fhoras na Gaeilge ó 2016; agus,
- Cuirfear €1.3m breise ar fáil don phróiseas pleanála teanga chun tacú leis na pobail éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den Gaeltacht a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm agus a ullmhú de réir mar a bhaineann, chomh maith le roinnt bearta ar leas an phróisis a mhaoiniú ar bhonn lárnach.
Is fiú a nótáil chomh maith go mbeidh €3.5m breise ó allúntas na Roinne do na Meáin ag dul go TG4, rud a chuirfidh go mór le cur i bhfeidhm ghealltanais atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Anuas air seo uile, beidh cliaint-chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta agus comhlachtaí Gaeltachta i gcoitinne in ann tairbhe a bhaint as bearta náisiúnta eile chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht agus COVID-19. San áireamh leis seo, mar a fógraíodh sa Bhuiséad an tseachtain seo caite, tá an Ciste Tacaíochta um Shrianta COVID, an laghdú ar an ráta Cháin Bhreis Luacha go 9% go deireadh na bliana seo chugainn agus an tsíneadh ar an tarscaoileadh ó rátaí ghnó go deireadh na bliana seo.