Mar is eol don Teachta, is cúram don Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta agus na húdaráis áitiúla atá faoina stiúr é cúrsaí tithíochta trí chéile - lena n-áirítear tithíocht agus pleanáil tí sa Ghaeltacht.
Faoi réir Alt 10.2 (m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, folóidh plean forbartha oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.
Faoi Alt 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, is gá d'údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram teagmháil a dhéanamh le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a fháil maidir le forbairtí, dar leo, a d'fhéadfadh cur isteach ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta.
Ar mhaithe le meabhrú a thabhairt do na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram maidir leis na dualagais atá orthu i ndáil leis an nGaeilge i gcomthéacs na bhforálacha thuasluaite, níor miste a lua go bhfuil scríofa ag mo Roinn chuig na húdaráis áitiúla ábhartha ar roinnt ócáidí chun a gcuid dualgas ina leith a mheabhrú dóibh. Rinneadh an deis sin a thapú chun a chur ar a súile gur ann anois d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhfuil bunús reáchtúil aige faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Ina theannta sin, is fiú a nótáil gur chuir mo Roinn aighneacht chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí Lúnasa na bliana seo maidir le hathbhreithniú a bhí á dhéanamh acu an tráth sin ar na treoirlínte d'údaráis phleanála. San aighneacht sin, leagadh béim ar na dúshláin a fheictear a bheith ag baint leis an ábhar seo go ginearálta.
Maidir le cásanna pleanála faoi leith a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an nGaeigle sa Ghaeltacht, ní gá a rá ach go dtapaíonn mo Roinn na deiseanna a dtugtar di le haighneachtaí a sheoladh chuig údaráis phleanála a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúraim nuair a iarrtar a leithéid.
Ní gá a rá ach an oiread go dtuigeann mo Roinn an tábhacht a bhaineann le tionchar teanga a bheith tógtha san áireamh i dtaobh forbairtí suntasacha i gceantar Gaeltachta agus is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn fhéin agus Údarás na Gaeltachta ag tapú gach deis a thugtar faoi réir fhórálacha ábhartha an Achta agus na Rialacháin réamhluaite, chun tuairimí a thabhairt, nuair a iarrtar iad, i leith cásanna ábhartha pleanála a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil i gceist agam cruinniú a ghairm le mo chomhghleacaí, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go gairid chun an cheist tábhachtach seo a phlé.