Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú sna ceantair Ghaeltachta ar leas foriomlán an phróisis pleanála teanga.
Cheadaigh mo Roinn allúntas ar fiú €424,462 chun ionad pobail a fhorbairt ar Inis Meáin i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá an t-allúntas sin sa bhreis ar an €31,880 a cheadaíodh don obair chomhairleorachta i leith an togra - rud a fhágann go bhfuil cúnamh ar fiú €456,342 ceadaithe ag mo Roinn don togra. Is ag an sean-ionad tumadóireachta atá an t-ionad nua á thógail, áit ina mbeidh spás poiblí, oifigí do chomhlacht forbartha an oileáin agus cóiríocht do mhol digiteach san áireamh ann.
Níor mhiste a lua - de thoradh athbhreithniú a bheith déanta sa samhradh ar an uasleibhéal cúnaimh atá inghlachta faoin gclár i leith tograí pobail ar na hoileáin Ghaeltachta - gur deontas ionann le 90% den chostas iomlán inghlactha, seachas 80% mar a bhí i bhfeidhm roimhe seo, atá i gceist sa deontas thuas.
Tuigtear dom go bhfuil tús curtha leis an obair thógála cheana féin ar an suíomh agus táthar ag súil go mbeidh an obair críochnaithe faoi mhí Aibreáin 2021 nó mar sin.