Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais i 2011, socraíodh mar chuid de Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go mbunófaí coiste saineolaithe, a bheadh ag feidhmiú ar bonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Tá an Coiste sin i mbun oibre ó shin i leith. Ceapadh Coiste nua Logainmneacha ar 11 Eanáir 2020, agus é mar phríomhdhualgas aige comhairle a chur ar an Aire maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Mar go ndéantar tagairt i gcónaí don Choimisiúin Logainmeacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 is gá leasú a dhéanamh ar an Acht úd chun a chumasú don Aire Orduithe Logainmneacha a dhéanamh. Tá i gceist tabhairt faoi seo agus leasú á dhéanamh ar an Acht trí Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 atá ós comhair na dTithe faoi láthair.