Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 December 2020

Tuesday, 15 December 2020

Ceisteanna (236)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

236. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an raibh comórtas oscailte ann chun comhlacht dearaidh ghrafaigh a roghnú chun lógó nua Údarás na Gaeltachta a dhearadh; an roinnfear aon sonraí faoin bpróiseas roghnúcháin sin; cén comhlacht dearaidh ghrafaigh a roghnaíodh agus cén praghas atá ar an gceann a roghnaíodh; agus cad é an costas iomlán a bhaineann leis an lógó a athrú. [43028/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé deimhnithe ag an Údarás gur fostaíodh comhlacht darb ainm New Graphic chun a lógó nua a dhearadh. Tuigtear don Roinn nár reáchtáladh comórtas oscailte sa chás seo de bharr an costas a bheith faoin tairseach costais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí.

Tá sé deimhnithe freisin ag an Údarás gur bhain costas iomlán €3,800 móide cáin bhreisluacha leis an dearadh agus go raibh aithne fhorleathan ar obair an Údaráis ag an gcomhlacht a roghnaíodh de bharr gur bhuaigh siad tairiscint mar chuid de chomórtas oscailte ar etenders.ie chun suíomh idirlíon nua a tháirgeadh don Údarás, obair a cuireadh i gcrích i mbliana chomh maith.

Question No. 237 answered with Question No. 226.
Barr
Roinn