Tá sé i gceist agam ceisteanna 139, 140 agus 141 a ghlacadh le chéile.
Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán le seirbhísí a sholáthar agus comhfhreagras a fhreagairt trí Ghaeilge nuair is gá. Tá Scéim Teanga nua á réiteach againn I láthair na huaire, agus úsáideann oifigigh atá lonnaithe inár misin thar lear an Ghaeilge go minic chun seirbhísí a sholáthar do bhaill an diaspóra. Oibríonn ár ngréasán d’ambasáid agus consalachtaí le páirtnéirí Gaeilge chomh maith le cur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge thar lear. Tugann mo Roinn tacaíocht do roinnt eagraíochtaí agus tionscadail Gaeilge le tacú le cláranna Gaeilge tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach, agus leanfaimid ar aghaidh leis sin i 2021.
Tá trí ról faoi leith ag mo Roinn ag a bhfuil an Ghaeilge riachtanach; an tOifigeach Gaeilge agus dá ról seirbhís chustaiméara sa tSeirbhís Pas. Líonadh na rólanna sin ag oifigigh a rinneadh measúnú ar a gcuid inniúlacht sa Gaeilge ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. I láthair na huaire, tá 2,386 oifigigh fostaithe i mo Roinn, sa bhaile agus thar lear. Léirigh iniúchadh den fhoireann i 2012 go raibh Gaeilge líofa nó ag ard-leibhéal ag 55 baill foirne i mo Roinn, agus d’fhógair 160 baill eile go raibh Gaeilge ag meán-leibhéal acu.
Níl láithreach fisiceach ag mo Roinn in aon cheann de na ceantair Ghaeltachta. Is féidir iarratais ar phas a dhéanamh trí Ghaeilge ar líne nó ar pháipéar, agus mar sin de ní fheicim go bhfuil aon fadhbanna práinneacha I leith seirbhísí faoi riar mo Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta.