Bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar an 19ú Mí Iúil, 2017, chun fócus athnuaite agus comhdhlúite a sholáthar ar fhorbairt tuaithe agus pobail in Éirinn.
Níl aon poist sa Roinn agus baint riachtanach ag an nGaeilge leis, áfach, aithníonn an Roinn an cúram chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá roinnt daoine sa roinn agus is féidir leo déileáil le freagracht agus fiafraí trí Ghaeilge, de réir mar is gá.
Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail suirbhé ar fhoireann na Roinne, chun líon na ndaoine atá inniúil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Roinn a dhearbhú. Bunaithe ar an suirbhé, dearbhaíodh go bhfuil cúigear ball den fhoireann inniúil seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, is é sin 2.5% de bhaill foirne na Roinne (200 ina iomlán).