Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na nOibreacha Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 December 2020

Thursday, 17 December 2020

Ceisteanna (389)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

389. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil aon deontas nó cúnamh ar fáil ón a Roinn le láthair súgartha riachtanach a fhorbairt ag scoil (sonraí tugtha), go mór do na scoláirí atá faoi mhíchumas, is scoil a bhfuil leathnú mór agus feabhas á chur uirthi; and if she will make a statement on the matter. [44361/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Scéim Oibreacha Samhraidh deartha chun ligean do scoileanna, ar bhonn maoinithe cineachta, oibreacha feabhsúcháin agus athchóirithe riachtanacha a dhéanamh a dhéanfaidh uasghrádú ar áiseanna scoile atá ann cheana lena n-áirítear áiteanna súgartha. Tá sé de chead chomh maith ag scoileanna a ndeontas mionoibreacha a úsáid chun obair fhorbartha a dhéanamh ar a gcuid áiseanna clós súgartha. Tá saoirse ag an scoil i dtrácht iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú don tionscadal seo faoin Scéim thuas an chéad uair eile a osclófar í d’iarratais.

Barr
Roinn