Is tosaíocht do mo Roinn agus don Rialtas seo oideachas Gaeilge a sholáthar, agus tá tiomantas láidir i bpáirt againn i leith líon na n-áiteanna Gaeilge atá ar fáil a mhéadú.
Bhí teagmháil shuntasach ag mo Roinn leis an bhForas Pátrúnachta maidir lena moladh go mbeadh campas i gContae Lú freisin ag Gaelcholáiste atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh go mbaineann an togra seo le campas breise a sholáthar i gcás scoile atá ann cheana.
Mar chuid den teagmháil, rinneadh na roghanna éagsúla atá ar fáil i nDún Dealgan a mheas. Le gur féidir an togra agus na costais bhainteacha a mheas go hiomlán, beidh sé riachtanach suíomh an champais atá beartaithe agus na costais a éireoidh as a dhéanamh amach. Mhol An Foras Pátrúnachta cóiríocht áirithe le déanaí agus tá an Roinn i dteagmháil leis An bhForas Pátrúnachta maidir leis. Is mian liom a dhearbhú duit go bhfuil tús áite á thabhairt ag mo Roinn don bhreithniú atá ar siúl aici ar an togra a thabhairt chun críche, agus beidh sí i dteagmháil leis an bhForas Pátrúnachta nuair a bheidh scéala eile ann ina leith seo.
Tá sé tábhachtach a chur san áireamh agus an togra seo á scrúdú, go leanfaidh scoláirí a roghnaigh clarú sa Ghaelcholáiste i mBaile Brigín atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta de chóracha iompair scoile a úsáid (faoi réir srianta a bhaineann le Covid agus dúnadh na scoileanna srl. de réir mar a bhaineann siad leis an tír ar fad).