Tugainn Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina ndéantar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.
Le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, tógfar ar an méid atá bainte amach cheana féin agus déanfar cúrsaí a bhrú chun cinn i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú na bpleananna teanga uile i ngach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga, chomh maith leis an bpróiseas a bheith curtha i bhfeidhm nó i mbun ullmhúcháin i ngach ceann de na 16 Bhaile Seirbhíse agus sna 3 Líonra Gaeilge atá aitheanta.
Go dáta, tá pleananna teanga ceadaithe i leith 20 LPT Gaeltachta agus á gcur i bhfeidhm. Tá pleananna teanga maidir le 5 LPT á meas ag mo Roinn faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh gach LPT ceadaithe faoi deireadh na bliana. Tá 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus i mbun oibre sna LPT sin faoi láthair.
Tá 2 Bailte Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe go dáta agus ceann eile á mheas ag mo Roinn. Tá Oifigeach Pleanála Teanga amháin fostaithe i BSG Leitir Ceanainn go dáta.
Tá pleananna teanga i leith na 3 Líonra Gaeilge ceadaithe ó Eanáir 2020.
Mar a bhaineann sé go sonrach le Pleananna Teanga Contae, bheadh súil ag mo Roinn an t-ábhar a chíoradh agus a phlé leis na hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go ndéanfaí scrúdú cuí ar na féidearthachtaí a bhainfeadh lena leithéid.