Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 April 2021

Thursday, 1 April 2021

Ceisteanna (411)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

411. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén dul chun cinn atá déanta maidir le síneadh a chur le céibh Inis Oírr; cén uair atá súil ag a Roinn le tairiscintí a lorg don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17851/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta is iad Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as Cé Inis Oírr agus is iadsan a bheidh ag tabhairt faoi aon phróiseas tairisceana. Tá mo Roinn agus an Comhairle Chontae ag obair le chéile le tamall chun an cás gnó maidir leis an bhforbairt a thabhairt chun críche.

Pléadh an cás gnó ag cruinniú don ghrúpa ard-bhainistíochta na Roinne an t-seachtain seo, agus tá i gceist agam a gcuid tuairimí maidir leis an gcás a mheas i ndiaidh briseadh na Cásca.

Barr
Roinn