Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Ceisteanna (2479)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2479. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén dul chun cinn atá beartaithe a dhéanamh i mbliana maidir le forbairt na céibhe domhainmhara ag Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18891/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bunaíodh coincheap cuanta iascaigh sa Stát san Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh agus rinneadh a mbainistíocht a infheistiú san Aire Talmhaíochta agus Iascaigh. Ghlac an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as na hIonaid Iascaigh Cuain (IICanna) i nDeireadh Fómhair 2007. Tá Ros an Mhíl ar cheann de shé Ionad Iascaigh Cuain, tá na cinn eile lonnaithe ag Baile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, Dún Mór, Binn Éadair agus na Cealla Beaga.

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil gach bliain do na IICanna, Ros an Mhíl san áireamh, tríd an gClár Forbartha Caipitiúla Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta. Cuireadh clár céimnithe chun cinn d’fhorbairt bhonneagrach IIC Ros an Mhíl le roinnt blianta anuas, ina ndearnadh infheistíocht shuntasach. Rinneadh thart ar €31.6 milliún, ar an iomlán, a infheistiú i bhforbairtí caipitil ag IIC Ros an Mhíl idir 2000 agus 2020.

Tá plé á dhéanamh le tamall anuas ar an bhféidearthacht tionscadal feistithe domhainmhara a chur ar siúl ag IIC Ros an Mhíl agus ní dhearnadh aon chinneadh chun infheistiú a dhéanamh ina fhorbairt. Bheadh aon chinneadh chun leanúint ar aghaidh chuig céim mhionsonraithe dearaidh den tionscadal seo bunaithe ar chinneadh foriomlán chun leanúint ar aghaidh leis an tionscadal ina iomláine.

Faoi mar a bhíonn i gceist le gach forbairt sna sé Ionad Iascaigh Cuain go ginearálta, ní dhéanfar aon mhachnamh ar aon chinneadh a dhéanfar amach anseo maidir le tús foirmiúil a chur leis an tionscadal seo in IIC Ros an Mhíl ach má bhíonn maoiniú ar fáil ón státchiste agus más don tionscadal seo a thugtar tús áite, seachas do thosaíochtaí eile náisiúnta.

Barr
Roinn