Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Ceisteanna (56)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

56. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil tuairim aici faoin gcruinniú Thuaidh-Theas maidir le cúrsaí teanga a cuireadh ar ceal le déanaí, cathain a reáchtálfar an cruinniú sin an athuair, agus cad atá á dhéanamh aici idir an dá linn chun tacú le hAcht Teanga ó Thuaidh agus comhoibriú uile-oileánda i leith na teanga a chur chun cinn. [21954/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

An bhfuil tuairim ag an Aire Stáit maidir le cathain an mbeidh Airí de chuid an DUP ar fáil ionas go mbeidh an cruinniú uile-Éireann nó uile-oileánda maidir le cúrsaí teanga, a cuireadh ar ceal ag deireadh mhí an Mhárta nuair nach raibh an tAire Gordon Lyons ar fáil, in ann tarlú?

Tionóladh cruinniú earnáil teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag deireadh mí na Samhna 2020.  Ar an drochuair, cuireadh an cruinniú a bhí beartaithe ag deireadh mhí an Mhárta ar athló.  Táthar ag súil go ndéanfar an chruinniú seo a thionóil gan mhoill, ach níl aon dáta socraithe go fóill. Idir an dá linn, tá mé féin agus mo Roinn ag comhoibriú leis an Roinn Pobal sa Tuaisceart, leis an gComhrúnaíocht Thuaidh-Theas in Ard Mhacha agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le gach gné den obair a bhaineann leis an gComhoibriú Thuaidh-Theas, go hairithe i réimse an Fhorais Teanga.

Tuigim tábhacht cruinnithe na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.  Ceadaíonn an chomhairle buiséid an Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge san áireamh. Gan cruinniú den chomhairle, ní féidir aon mhéadú nó athrú a dhéanamh ar bhunmhaoiniú an fhorais. Beag beann air sin, tá Foras na Gaeilge agus a chuid ceanneagraíochtaí agus grúpaí nó eagraíochtaí ar fud an oileáin ag obair go dian chun tacú le pobal na Gaeilge.  Cé nach raibh mórán deiseanna ann chun bualadh le chéile go fisiciúil le bliain anuas, tháinig méadú suntasach ar an méid deiseanna atá ar fáil ar líne agus ar na meáin shóisialta.  Thacaigh Foras na Gaeilge le roinnt imeachtaí ar líne trína gcuid ceanneagraíochtaí, mar shampla, seoltaí leabhar agus ceoil; seimineáir ar cheisteanna oideachais agus go leor ábhair eile; imeachtaí teaghlaigh ar nós biongó agus tráthanna na gceist; ceardlanna agus imeachtaí óige ar nós léitheoireacht, amhránaíocht agus comórtais ceoil agus scríbhneoireachta; agus ceolchoirmeacha agus drámaí ar line.

Tá réimse tacaíochtaí agus maoiniú breise á gcur ar fáil ag an Rialtas ó Dheas chomh maith faoin gcomhaontú New Decade, New Approach.  Is léiriú ar thiomántas an Rialtais d'fhorbairt agus do chur chun cinn na teanga ar bhonn uile-oileáin atá anseo. Cuirfear €4.2 milliún ar fáil thar tréimhse trí bliana ar mhaithe leis an nGaeilge a fhorbairt i measc an phobail sa Tuaisceart.

Maidir leis an Acht teanga ó Thuaidh, tá Rialtas na hÉireann tiomanta don reachtaíocht tábhachtach seo a bheith tugtha chun cinn.  Tá ceist na reachtaíochta seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha, leis na húdaráis ó Thuaidh agus leanfar á dhéanamh sin go dtí go bhfeicfear toradh ar ár gcuid iarrachtaí.  Tá lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart, dár ndóigh, ag éileamh le fada an lá go mbeidh Acht teanga acu. Mar Aire Stáit, ba mhaith liom gach rud is féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú le comhlíonadh an ghealltanais sin.

Bhí sé i gceist go mbeadh cruinniú uile-oileánda idir na hAirí maidir le cúrsaí teanga in Ard Mhacha ar an 31 Márta seo caite. Tá a fhios agam go raibh an tAire Stáit, an Teachta Chambers, agus an Aire Pobal ó Thuaidh, Deirdre Hargey as Sinn Féin, sásta bheith i láthair ag an gcruinniú sin. Is trua nár chuaigh an cruinniú sin ar aghaidh. An bhfuil díomá ar an Aire Stáit nár tharla an cruinniú? An síleann an tAire Stáit nár ghlac an DUP nó an tAire Lyons páirt sa chruinniú mar chuid de bhaghcat ar chruinnithe Thuaidh-Theas agus iad ag agóid i gcoinne an phrótacail nó rud éigin eile a shíleann siad go bhfuil siad ag déanamh agóide faoi? Mar a dúirt an tAire Stáit, táimid fós ag fanacht ar an Acht teanga ó Thuaidh. Ba chóir go mbeadh an reachtaíocht sin achtaithe ag an staid seo, ach níl sé ann toisc go bhfuil an DUP ag cur ina gcoinne, in ainneoin an gealltanais a thug siad i gcomhthéacs New Decade, New Approach breis is bliain ó shin. An síleann an tAire Stáit go bhfuil seans go n-éireoidh rudaí níos measa anois toisc gur fhógair Arlene Foster níos luaithe inniu go bhfuil sé i gceist aici éirí as an ról atá aici faoi láthair?

Ar nós gach duine eile, tá díomá orm nár tharla an cruinniú atá luaite ag an Teachta. Tá oifigigh de chuid mo Roinne ag comhoibriú le oifigigh na Comhrúnaíochta Thuaidh-Theas in Ard Mhacha. A luaithe agus a reáchtálfar cruinniú den Fhoras Teanga, beidh mé ar fáil le freastal ar an gcruinniú sin. Mar is eol don Teachta, tá folúntais ar bhord an Fhorais Teanga, ról an chathaoirligh ina measc. Ba mhaith liom tréaslú le leas-chathaoirleach an bhoird, Barra Ó Muirí, as an sár-obair atá á dhéanamh aige faoi láthair. Feictear dom go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar cathaoirleach a cheapadh chomh luath agus is féidir le cinntiú gur féidir le háisíneachtaí an Fhorais Teanga, agus an foras féin, leanúint ina bhfeidhmeanna reachtúla ar bhonn féideartha. Faoi láthair, tá dhá fholúntas ar bhord Fhoras na Gaeilge, cathaoirleach san áireamh. Ag cruinniú earnáil teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas i mí na Samhna anuraidh, ceapadh triúir comhaltaí nua go bord an Fhorais Teanga.

An dara cuid den cheist ná cad atá ann don todhchaí. Cad atá á dhéanamh chun cinntiú go bhfuil tacú ag teacht ón Deisceart don Acht teanga ó Thuaidh? An bhfuil comhoibriú uile-oileánda i leith na teanga á chur chun cinn, agus ní amháin tríd Foras na Gaeilge mar atá luaite ag an Aire Stáit? Níl pobal labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae chun fanacht a thuilleadh. Tá sé sin feicthe againn. Ní raibh siad riamh sásta fanacht. Dhein siad éacht thar na blianta agus dhein siad an gníomh. Tá feicthe againn cheana féin an fás ollmhór atá tagtha ó thaobh oideachais trí Ghaeilge agus úsáid na teanga, atá le cluinsint agus le feiscint níos forleithne anois trí na Sé Chontae. Tá cosaint reachtúil ag teastáil uathu. Tréaslaím leo siúd - agus tá súil agam go dtréaslaíonn an tAire Stáit leo freisin - sna comhairlí difriúla atá ag cur comharthaí bóithre dátheangacha suas i gceantair nár shíl aon duine go mbeadh siad riamh roimhe seo. Níl tacaíocht acu ó Acht teanga agus sin atá á lorg acu. Tá siad ag iarraidh go mbeadh an stádas sin acu, seachas go mbeadh orthu dul timpeall agus timpeall mar a dhein siad ar feadh na mblianta. Déanfaidh siad é sin más gá mar sin na sórt daoine iad.

Tuigim go bhfuil an tAcht seo an-tábhachtach don phobal. Maidir leis an Acht teanga, tá Rialtas na hÉireann tiomanta don reachtaíocht thábhachtach seo a bheith tugtha chun cinn. Tá ceist na reachtaíochta seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha, leis na húdaráis ó Thuaidh agus leanfar á dhéanamh sin go dtí go bhfeictear toradh ar ár gcuid iarrachtaí. Tá lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart, dar ndóigh, ag éileamh le fada an lá go mbeadh Acht Teanga acu agus ba mhaith liomsa, mar Aire Stáit, gach rud gur féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú le comhlíonadh an ghealltanais sin.

Barr
Roinn