Aengus Ó Snodaigh
Ceist:297. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar labhair sé go fóill leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun a chinntiú go mbeidh cumas sa Ghaeilge sonraithe i dtreoirlínte faoi chomhaltaí boird Stáit, mar a gheall sé ag Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge an 9 Márta 2021; ar scríobh sé go fóill go dtí na Ranna eile ag impí orthu cumas sa Ghaeilge a chur san áireamh mar scil le tabhairt san áireamh do chomhaltas boird Stáit a thagann faoina scáth; agus aon fhreagra a fuair sé uathu a roinnt leis an Teachta seo. [24179/21]
Amharc ar fhreagra