Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 May 2021

Wednesday, 12 May 2021

Ceisteanna (209)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

209. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt an ndéanfaidh sí an taifead iomlán de Dhaonáireamh Speisialta na Gaeltachta a rinne An Garda Síochána sa bhliain 1925 a fhoilsiú go luath agus muid ag teacht suas go dtí céad bliain ó tugadh aitheantas Stáit don Ghaeltacht; cá bhfuil na taifid sin lonnaithe; agus an bhfuil aon chaomhnú, digitiú nó staidéar á dhéanamh ar na sonraí ann cheana féin. [25101/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá tuarascáil maidir leis an bhfaisnéis atá á lorg ag an Teachta iarrtha agam ar an nGarda Síochána ach, ar an drochuair, ní raibh an tuarascáil sin ar fáil in am. Scríobhfaidh mé chuig an Teachta a luaithe a bheidh an tuarascáil ar fáil.

The following deferred reply was received under Standing Order 51
Tagraím do Cheist Pharlaiminteach uimhir 209 den 12 Bealtaine 2021 inar fhiafraigh tú den Aire Dlí agus Cirt ‘an ndéanfaidh sí an taifead iomlán de Dhaonáireamh Speisialta na Gaeltachta a rinne An Garda Síochána sa bhliain 1925 a fhoilsiú go luath agus muid ag teacht suas go dtí céad bliain ó tugadh aitheantas Stáit don Ghaeltacht; cá raibh na taifid sin lonnaithe;’ agus an raibh ‘aon chaomhnú, digitiú nó staidéar á dhéanamh ar na sonraí ann cheana féin’. Cuimhneoidh tú nárbh fhéidir an fhaisnéis a fháil sa tréimhse ama a bhí ar fáil, agus gur gheall mé go rachainn i gcomhairle leis an nGarda Síochána agus go rachainn i dteagmháil leat arís nuair a bheadh an fhaisnéis a iarradh ar fáil.
De réir mar a thuigim é, baineann na taifid atá á lorg ag an Teachta le Tuarascáil 1925 ó Choimisiún na Gaeltachta. Sa Tuarascáil, atá ar fáil ar líne i bhformáid dhigiteach, tá tagairt d’Áireamh Ginearálta Speisialta ar Cheantair ina Labhraítear Gaeilge. Bhí an t-áireamh nó an daonáireamh speisialta sin bunaithe ar thuairisceáin daonáirimh 1911, agus rinneadh é i gceantair ar tuairiscíodh i nDaonáireamh 1911 go raibh daonra ard cainteoirí Gaeilge iontu.
Dá réir sin, rinne Coimisiún na Gaeltachta socruithe leis an Aire Dlí agus Cirt san am, go ndéanfadh an Garda Síochána an daonáireamh speisialta sin thar a gceann mar chuid den áireamh ar Staidreamh Talmhaíochta in Iúil agus Lúnasa 1925. Is í an tuiscint atá agam go ndearna an Garda Síochána an Staidreamh Talmhaíochta a áireamh agus a chur ar ais go dtí Brainse Staidrimh na Roinne Tionscail agus Tráchtála.
De réir Thomas P Linehan, iar-Stiúrthóir ar an bPríomh-Oifig Staidrimh, ina pháipéar The Development of Official Irish Statistics, a foilsíodh sa Journal of the Statistical and Social Inquiry Society of Ireland i 1998, ‘In 1925 at the request of the Gaeltacht Commission the Statistics Branch arranged for and carried through all the compilations of a special census of persons in Irish-speaking areas.
Tá curtha in iúl dom ag údaráis an Gharda Síochána nach bhfuil aon taifid aonair nó tuairisceáin a bhaineann leis an áireamh ar chainteoirí Gaeilge i 1925 dá dtagraíonn an Teachta ar teachtadh i Stór Náisiúnta an Gharda Síochána ná i Músaem an Gharda Síochána.
Tá súil agam go gcuideoidh an fhaisnéis seo leat.
Barr
Roinn