Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 May 2021

Wednesday, 26 May 2021

Ceisteanna (120)

Pearse Doherty

Ceist:

120. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a bhéas cinneadh déanta ag a Roinn maidir le iarratas a chur coiste tuismitheoirí scoil i Dhún na nGall isteach (sonraí tugtha) ar maoiniú faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28605/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuireann mo Roinn tacaíocht airgead caiptil ar fáil chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú, nó chun trealamh áirithe a cheannach sna ceantair Ghaeltachta.

Tuigtear dom go bhfuil iarratas ón scoil atá luaite ag an Teachta i leith trealaimh á mheas faoin gClár faoi láthair i dtreo moladh ina leith a bheith curtha faoi mo bhráid go luath.

Barr
Roinn