Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bóithre Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 June 2021

Tuesday, 22 June 2021

Ceisteanna (87)

Aindrias Moynihan

Ceist:

87. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an n-athosclófar Scéim na mBóithre Áise chun tacú le pobal na Gaeltachta feabhas a chur ar an mbonneagar áitiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33239/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Scéim na mBóithre Áise, a bhfuil an Teachta ag tagairt di, curtha ar fionraí le roinnt blianta anois.  Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith  sa Ghaeltacht. 

Ar nós a leithéid de bhóithre lasmuigh den Ghaeltacht, is ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht anois maidir lena leithéid de bhóithre a chothabháil agus a dheisiú.

Barr
Roinn