Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Ceisteanna (525)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

525. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cé méid duine atá sa tír de réir an príomh oifig staidrimh idir 60 bliain d’aois agus 70 bliain d’aois; and líon acu sin atá tar éis vaicsin a fháil go dáta in aghaidh Covid-19 nó atá tar éis clárú dó; an plean atá ann spreagadh a thabhairt don chuid eile acu an vaicsin a ghlacadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27255/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Toisc go mbaineann an cheist pharlaiminteach le saincheist oibríochtúil, is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) a bhaineann sí. Mar sin féin, moltar de bhaill an Oireachtais nach bhfuil an HSE ábalta rochtain a fháil ar an bhfaisnéis le ceisteanna a fhreagairt mar gheall ar an cibearionsaí a tharla le déanaí agus a dhún síos na córais theicneolaíochta faisnéise (IT systems) go sealadach. Tá an cur isteach seo ag leanúint go fóill agus tá an HSE ag obair go crua ar mhaithe lena chórais IT a athbhunú agus a ghnáthsheirbhísí a thosú arís. Cuirfear comhairle ar bhaill an Oireachtais a luaithe is atá an HSE ábalta freagraí a thabhairt ar cheisteanna parlaiminteacha agus moltar dóibh a gcuid ceisteanna a athaighniú ag an bpointe sin.

Barr
Roinn