Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 July 2021

Thursday, 1 July 2021

Ceisteanna (42)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

42. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén uair a chomhlíonfaidh sí an gealltanas a tugadh do scoileanna Uíbh Ráthach go mbronnfar stádas eisceachtúil orthu mar chosaint in aghaidh a ndúnta agus deis a thabhairt don cheantar Gaeltachta seo chun fáis agus teaghlaigh a bhfuil páistí óga acu a mhealladh chuig an gceantar. [35285/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Le blianta beaga anuas, tá gníomhartha curtha i bhfeidhm ag mo Roinn chun na tairseacha ceapacháin agus coinneála i scoileanna beaga a fheabhsú, scoileanna beaga ar nós Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Cillín Liath agus Scoil Mhichíl Naofa san áireamh.

I measc na ngníomhartha, áirítear tairseacha rollaithe níos buntáistí do bhunscoileanna le múinteoir amháin agus scoileanna ar na hoileáin, laghdú aon phointe den chóimheas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna beaga le ceathrar múinteoirí nó níos lú ón scoilbhliain 2020/21.

Cuireann Buiséad 2021 leis an dul chun cinn seo trí laghdú aon phointe breise a chur i bhfeidhm maidir le múinteoir a cheapadh sa scoilbhliain 2021/22 agus laghdú trí phointe ar an sceideal coinneála.

Cuideoidh na bearta seo lena chinntiú go mbeidh níos lú daltaí ag teastáil chun múinteoir a earcú nó a choinneáil. Tá an sceideal foirne don scoilbhliain 2021/22 ar fáil in Imlitir 0019/2021. San Imlitir seo cuirfear eolas ar fáil do bhunscoileanna faoin soláthar foirne a bheidh acu don Mheán Fómhair seo chugainn agus cuirfear tús leis an bpróiseas ath-imlonnaithe chun folúntais teagaisc a líonadh.

Ina theannta sin, tá na scoileanna a ndearna an Teachta tagairt dóibh curtha san áireamh i gclár píolótach scoileanna beaga a d’fhógair mo Roinn le déanaí.

Question No. 43 answered with Question No. 36.
Barr
Roinn