Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 July 2021

Tuesday, 6 July 2021

Ceisteanna (199)

Thomas Pringle

Ceist:

199. D'fhiafraigh Deputy Thomas Pringle den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeadh sí sásta cruinniú a ghairm le coiste (sonraí tugtha) agus chun a fhiafraí dí fosta cén tacaíocht airgid a bheidh ar fáil do na mná tí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35814/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, rinneadh cinneadh i mí Bealtaine nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn comhdhearcaidh tar éis dom mar Aire Stáit dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín an chórais, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta araon. Níor mhiste a lua gur chuimsigh an cur chuige sin ar fad an deis chun aighneachtaí i scríbhinn faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne ag an tráth sin.

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Mar chuid den chur chuige a bhain leis an gcomhairliúchán agus mar atá luaite agam eagraíodh sraith cruinnithe ar líne a raibh mé féin agus feidhmeannaigh mo Roinne i láthair ann le hionadaíocht lucht lóistín chóras na gcoláistí Gaeilge. Is ar bhonn réigiúnach a eagraíodh na cruinnithe sin faoi leith agus cuimsíodh ar ndóigh ionadaíocht na mban tí atá bainteach le coláistí Gaeilge Ghaeltacht Thír Chonaill.

Ba é cuspóir na gcruinnithe ná tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. In éindí le plé le hionadaíocht na mban tí ó na ceantair Ghaeltachta, bhí plé ann chomh maith ar ndóigh le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh iad féin, CONCOS chomh maith le grúpa ionadaíoch do na hallaí pobail Gaeltachta a mbaineann na coláistí samhraidh leas astu le haghaidh cóiríocht ranga agus siamsaíochta.

Bhí an plé sin ar fad thar a bheith tairbheach domsa mar Aire ags d'fheidhmeannaigh na Roinne agus chabhraigh sé go mór léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí comónta atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh ó cheann ceann na Gaeltachta.

De thoradh an phlé, tá obair idir lámha faoi láthair ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile don earnáil faoina dtógfar san áireamh mar is cuí - lucht lóistín, na coláistí iad féin, chomh maith le lucht na hallaí pobail Gaeltachta a mbíonn baint acu leis an gcóras trí chéile.

Maidir leis an ngrúpa a luaigh an Teachta, a tháinig chun cinn tar éis an phróisis thuasluaite, is féidir liom a dhearbhú don Teachta gur labhair feidhmeannach mo Roinne le Cathaoirleach an ghrúpa sin le gairid agus go bhfuil a n-éileamh á bhreithniú.

Barr
Roinn