Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 September 2021

Thursday, 9 September 2021

Ceisteanna (270)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

270. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cur síos a dhéanamh ar cén comhordanú atá déanta ag a Roinn leis an Aontas Eorpach chun an tionscadal píolóta a ligeann d’aistritheoirí na Gaeilge a bheith lonnaithe san Aonad i gContae na Mí a leathnú, agus chun a chinntiú go dtiocfaidh méadú ar líon na n-aistritheoirí le Gaeilge in AE in áit díreach athlonnú ón mBruiséil go dtí an Mhí a spreagadh. [41898/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuirimse fáilte roimh chinneadh Choimisiún an Aontais Eorpaigh seirbhísí aistriúcháin Gaeilge ag leibhéal an AE a fhorbairt ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an AE ag deireadh na bliana seo. Tá oifigigh sinsireacha mo Roinne ag obair go dlúth lena gcomhghleacaithe sna hinstitiúidí le blianta beaga anuas chun úsáid na Gaeilge ag leibhéal an AE a mhéadú. Chuige sin, tá ionadaíocht ag mo Roinn ar Coiste Stiúrtha an tionscnaimh chun deireadh a chur leis an maolú.  Níl aon ról ag mo Roinn, áfach, i gcinntí  na n-institiúidí maidir leis na láthair ina mbeidh a gcuid baill foirne lonnaithe.

 

 

Barr
Roinn