Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 October 2021

Thursday, 7 October 2021

Ceisteanna (474)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

474. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil sí ar an eolas nár sheol an bád lasta ó Ros a’Mhíl chuig Inis Meáin Dé hAoine seo caite, 1ú Deireadh Fómhair, de bharr droch aimsire; an bhfuil i gceist aici a chinntiú go mbeidh an rialtacht agus caighdeán seirbhíse céanna lastais go hInis Meáin agus atá go hÁrann agus go hInis Oirr an Geimhreadh seo tri shocrú a dhéanamh leis an bhfarrantóir go núsáidfidh sé bád a bheadh i ndon dul le céibh ag Céibh an Chalaidh Mhóir i ndroch aimsir; an bhfuil i gceist ag a Roinn an cheist a phlé le pobal agus lucht gnótha Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48975/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn théis teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht farantóireachta lastais agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin maidir leis an t-seirbhís lastais go hÁrainn.

Dheimhnigh an comhlacht lastais nár éirigh leo an seoladh a bhí beartaithe acu don Aoine 1ú Deireadh Fómhair a dhéanamh de bharr droch aimsire. Mhínigh siad go dtiteann cúramaí sláinte agus sábháilteacht na seoltaí ar scipéir an bháid agus dar leis bhí an aimsir ró-gharbh le theacht le céibh an lá sin.

Tá sé dearbhaithe ag an bhfarantóir lastais, áfach, go gcloíodh siad leis an amchlár atá aontaithe le pobail na n-oileáin agus má thagann aon athrú ar an am chlár sin de bharr droch aimsire, taoilte mí-fhabhrach nó aon chúis eile, go gcuirfear pobail na n-oileáin ar an eolas ar an bpointe, agus go ndéanfar an seoladh a cailleadh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Níl sé i gceist ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an gconradh atá aontaithe leis an bhfarantóir le go gcuirfí báid eile nó bád nua i mbun seirbhíse.

Barr
Roinn