Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Friday - 3 December 2021

Friday, 3 December 2021

Ceisteanna (31)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

31. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an bhfuil i gceist aige blaiseadh den Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste mar chuid den Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige, ECCE; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56741/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is rud an-luachmhar é tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge do leanaí óga. Is féidir le seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige páirt thábhachtach a bheith acu anseo, go háirithe i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo.

D’aontaigh mo Roinn sraith chuimsitheach gníomhartha faoin bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge 2018-2022 leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin.  Dearadh na gníomhartha seo lena dhearbhú cé chomh tábhachtach agus atá suíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC) chun forbairt agus athbheochan na Gaeilge a spreagadh.  Is í aidhm na gníomhartha seo ná cur leis na bearta, na tacaíochta agus na comhpháirtíochta atá ann faoi láthair i réimse fhoghlaim agus chúram na luathóige lán-Ghaeilge, agus feabhas sa bhreis a chur ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí seo.

Tá mo Roinn i mbun próisis earcaíochta ar Chomhordaitheoir Tacaíochta Gaeilge faoi láthair. Beidh an duine seo freagrach as an obair a chomhordú chun tacú le forbairt agus úsáid na Gaeilge i suíomhanna ELC lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Stiúrfaidh an Comhordaitheoir seo an earcaíocht do phost eile le haghaidh speisialtóra luathbhlianta Gaeilge in 2022. 

Sheol mo Roinn Na Chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh in 2018.  Tá dhá ghníomh sa straitéis atá dírithe go háirithe ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge laistigh d’earnáil fhoghlaim agus chúram na luathóige.  Tá sé i gceist leis na gníomhartha seo a chinntiú go mbíonn fáil ag leanaí sa Ghaeltacht ar sheirbhísí luathfhoghlama lán-Ghaeilge, agus córais a fhorbairt chun tacaíochtaí Gaeilge a chur ar fáil do sheirbhísí ina bhfuil sciar mór de na leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.

D’fhorbair mo Roinn an tionscnamh “An Leabharlann Bheag” chun málaí leabhar a chur ar fáil do gach seirbhís, in éineacht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil.  Tá mé díreach tar éis an dara céim den tionscnamh seo a fhógairt. Tá leabhar Gaeilge i ngach mála agus is féidir an leabhar seo a úsáid chun blaiseadh den Ghaeilge a thabhairt do na leanaí sna suíomhanna ELC agus SAC a fheidhmíonn trí Bhéarla. Tá mála leabhar ar leith ar fáil do naíonraí, agus leabhair Gaeilge amháin ann. 

Tá mé fós tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo san earnáil ELC agus SAC.

Barr
Roinn