Tá an Tuarascáil Anailís Costais is Tairbhe a bhaineann le tionscadal na Cé Doimhne faighte agam agus tá scrúdú á dhéanamh ag Oifigigh i mo Roinn ar an tuarascáil seo faoi láthair, scrúdú a mbeidh ról lárnach aige sa chinneadh a dhéanfar maidir le maoiniú a chur ar fáil le haghaidh tionscadal dá leithéid.
Tá cóip den tuarascáil seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/be00f-fishery-harbours/#rossaveel-ros-an-mhil-fishery-harbour-centre-and-cashla-bay.
Ina theannta sin, le deireanas fuair mé cóip de thuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta ina sainaithnítear Ros an Mhíl mar phríomhshuíomh chun mol straitéiseach a bhunú ann chun tacú leis an earnáil gaoithe eischósta snámha. Tá beartais Rialtais éagsúla le cur san áireamh anseo agus ní mór breithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na ceisteanna beartais agus ar na riachtanais infheistíochta.
Go deimhin, tá tuarascáil an Údaráis tráthúil ó tharla go bhfuil tuarascáil faighte agam freisin ón Tascfhórsa Bia Mara ina leagtar béim shuntasach ar dheiseanna a chruthú do phobail iascaireachta na hÉireann chun tionchar an chaillteanais rochtana ar uiscí na Ríochta Aonaithe a sheach-chur tríd an gComhaontú Trádála & Comhair idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.
É sin ráite, táim airdeallach ar an bpointe gurb é príomhról agus príomhfheidhm na gCalafort Iascaigh tacú leis an tionscal bia mara. Beidh sé riachtanach go gcuirfear san áireamh, in aon chinneadh a dhéanfar amach anseo tús a chur le tionscadal na Cé Doimhne in Ros an Mhíl, aon mhaoiniú Státchiste a bheidh ar fáil agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíocha.