Aengus Ó Snodaigh
Ceist:122. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén teagmháil atá déanta ag a Roinn leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an caighdeáin inniúlachta sa Ghaeilge ar chóir a shocrú agus a mheas i gcás cead pleanála do forbairtí sa Ghaeltacht chun cás sochtheangeolaíoch na Gaeltachta a chosaint; an bhfuil sí sásta aon chomhfhreagras idir an dá Roinn maidir leis an ábhar seo a fhoilsiú; agus an aontaíonn sí gur chóir an caighdeán inniúlachta a shocrú ag leibhéal B2 de réir an Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha chun a chinntiú gur féidir le daoine rannpháirtíocht a ghlacadh sa phobal labhartha Gaeltachta ina bhfuil siad ag lorg teach. [2634/22]
Amharc ar fhreagra