Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 February 2022

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna (15)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

15. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén leagan amach atá i gceist maidir leis an dul i gcomhairle maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus struchtúr an Bhoird; cén uair atá súil aige a bheith in ann cinntí a dhéanamh faoin gceist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10472/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Mar a bhaineann sé leis an athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le bord an Údaráis, cuireadh tús le gairid le comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú.

Tá sé seo á dhéanamh sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ag páirtithe leasmhara agus ag an bpobal trí chéile a dtuairimí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Is féidir aighneacht a dhéanamh faoin ábhar idir seo agus an 25 Márta tríd an ceistneoir ina leith - a bhfuil fáil air ar gov.ie, a chomhlánú agus a sheoladh chun na Roinne idir seo agus sin. Ós rud é gur comhairliúchan poiblí é seo, foilseofar na haighneachtaí a fhaigtear ar shuíomh idirlín na Roinne in am tráth.

Comhthreomhar leis an bpróiseas sin, leanfaidh mo Roinn ag obair mar is cuí i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí, i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú foriomlán agus moltaí ina leith a sholáthar don Roinn maidir leis an ábhar.

Is é an cuspóir trí chéile a chinntiú go mbeidh fáil ag an Údarás ar an saineolas, na scileanna agus an t-ionchur pobail ábhartha agus cuí atá de dhíth le go mbeidh an bord in ann tacú le feidhmeannas an Údaráis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach, ar leas na pobail Ghaeltachta a ndéanann an tÚdarás freastal orthu.

Mar is eol don Teachta, faoi réir na bhforálacha ábhartha de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, arna leasú faoi Acht na Gaeltachta 2012, is ar feadh tréimhse cúig bliana a mhaireann ceapacháin ar bhord an Údaráis de ghnáth. Ós rud é gur ceapadh an Bord reatha i mí Eanáir 2018 tiocfaidh deireadh lena shaolré i mí Eanáir 2023. Is é seo an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe reatha réamhluaite.

Question No. 16 answered with Question No. 6.
Barr
Roinn