Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 February 2022

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna (38)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

38. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil dáta nó téarmaí tagartha socruithe do bhunú an Choiste Chomhairligh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [10451/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá leagtha amach san Acht, déanfaidh mé, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe an Choiste Chomhairligh chun críocha an Achta.

Tá comhaltas agus feidhmeanna an Choiste Chomhairligh leagtha amach san Acht.

Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt comhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gCoiste Comhairleach ar son phobal labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Chuige sin, tá scríofa ag mo Roinn chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag iarraidh orthu an próiseas sin a thosú. Tá sonraíocht poist á ullmhú ag mo chuid oifigigh le tabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an gcomórtas gan mhoill.

Beifear ag lorg moltaí maidir leis na chomhaltaí eile a bheidh le hainmniú ag comhlachtaí poiblí don Choiste in am tráth.

Barr
Roinn