Tá obair ar siúl i mo Roinn faoi láthair leis na cáipéisí a bhaineann leis an bpróiseas soláthair le hathnuachan a dhéanamh ar an gconradh farantóireachta d'Oileáin Árainn a ullmhú.
Mar is eol don Teachta, tá próiseas comhairliúcháin le pobal na n-oileán mar chuid lárnach den próiseas athnuachana sin agus tá plé déanta ag oifigigh mo Roinne cheanna féin le hionadaithe pobail Oileáin Árainn maidir leis an gconradh nua.
Is faoin gcomhlacht farantóireachta atá sé na socruithe cuí a dhéanamh maidir le málaí agus lastas éadrom a iompar go sábháilte isteach agus amach ón gcéibh agus níl sé i gceist go gcuirfear aon choinníoll sa chonradh nua maidir le gléas chun málaí a iompar a bheith curtha ar fáil.
Is cuid lárnach den phróiseas soláthair go mbíonn an Roinn ag lorg an tseirbhís farantóireachta is fearr agus is féidir do mhuintir na n-oileán agus spreagtar soláthróirí chuige sin sna cáipéisí soláthair.