Cuireann mo Roinn maoiniú €330,000 sa bhliain ar fáil d’Údarás na Gaeltachta a bhfuil an fhreagracht orthu Scéim na gCampaí Samhraidh a riar sa Ghaeltacht thar ceann na Roinne. Tá an cúram sin bronnta ag an Údarás ar Mhuintearas Teo, fóchuideachta dá gcuid. Téann an fóirdheontas a chuireann mo Roinn ar fáil faoin scéim chun tairbhe tuairim is 6,000 páiste a fhreastalaíonn ar thart ar 200 campa aitheanta sa Ghaeltacht. Baineann €30,000 den chostas le riar na scéime agus é iníochta le Muintearas.
Tuigtear dom go bhfuil sé mar choinníoll den scéim nach mbeidh an táille a bheidh á gearradh ar rannpháirtithe níos airde ná deontas na Roinne (€50 i gcás gach rannpháirtí ar champa nach giorra ná 5 lá agus €100 i gcás campa nach giorra ná 10 lá).
Déantar eisceacht do na campaí sin a bhíonn ar siúl os cionn cúig uair an chloig in aghaidh an lae. 'Siad lucht eagraithe na gcampaí a dhéanann an cinneadh maidir leis an táille a ghearrtar ar rannpháirtithe agus tacaíonn fóirdheontas na Roinne leis an táille sin a choinneáil íseal.
Tá comhaontú sínithe ag an Roinn leis an Údarás mar a bhaineann sé le campaí 2022 a bheidh ag tosú i gceann cúpla seachtaine mar is iondúil. Déantar athbhreithniú ar an gcomhaontú sin go rialta lena n-áirítear an ciste a cheadaítear ina leith.
Táthar sásta trí chéile go bhfuil leas á bhaint as maoiniú na scéime ar leas foriomlán an lucht freastail.