Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 June 2022

Wednesday, 15 June 2022

Ceisteanna (43)

Catherine Connolly

Ceist:

43. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil an Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí ar fáil trí Ghaeilge; muna bhfuil, cén fáth nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil; cén uair atá sé ag súil leis a bheith curtha ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31286/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá leagan Gaeilge den Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí ar fáil ó seoladh an creat i mí Iúil 2021. Is féidir é a íoslódáil ag an nasc a leanas; www.gov.ie/ga/foilsiuchan/creat-naisiunta-um-pleanail-mhuiri/ agus is féidir cruachóipeanna den leagan Gaeilge a fháil ar iarratas ó oifigigh mo Roinne, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag MSP@housing.gov.ie

Barr
Roinn