Tá Maigh Chromtha Co. Chorcaí luaite mar bhaile a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta in am tráth ach plean teanga a bheith ullmhaithe don bhaile faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012.
Is faoi scáth foriomlán Fhoras na Gaeilge a tharlóidh na socruithe éagsúla is gá a dhéanamh chun eagraíocht chuí a aimsiú go háitiúil le tabhairt faoi ullmhú agus feidhmiú plean teanga don bhaile.
Ar nós na mbailte eile lena mbaineann, cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil don eagraíocht a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú an phlean agus is ciste bliantúil ar fiú €80,000 a bheidh ar fáil ansin le cabhrú le feidhmiú an phlean ach é a bheith ceadaithe.
Tuigtear do mo Roinn go bhfuil obair ullmhúcháin ina leith seo ar fad idir lámha ag Foras na Gaeilge i dtreo fógra a dhéanamh ag lorg eagraíochta don chúram gan rómhoill eile.