Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 June 2022

Wednesday, 29 June 2022

Ceisteanna (36)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

36. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i gceist aici coiste a bhunú ar a mbeidh ionadaíocht leathan ag earnáil na gColáistí Gaeilge, ar coiste é a dhéanfadh moltaí faoin gcaoi is fearr na coláistí a chur in oiriúint don saol comhaimseartha agus todhchaí na gColáistí a chinntiú ar mhaithe leis an nGaeilge sa tír ar fad, leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus le geilleagar na Gaeltachta. [34725/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Déanfar an scéal uile maidir le staid reatha agus todhchaí na gcoláistí Gaeilge a bhreithniú san fhómhar.

Idir an dá linn, is í tosaíocht leanúnach na Roinne mar a bhaineann sé leis an earnáil na híocaíochtaí a bheidh á ndéanamh idir seo agus deireadh na gcúrsaí leis na teaghlaigh ábhartha atá cláraithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne a phróiseáil go pras. 

Barr
Roinn