Tá mo chomhghleacaí, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, freagrach as cóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin nó do dhídeanaithe eile a thugann le fios go dteastaíonn an chóiríocht sin uathu ar theacht go hÉirinn dóibh, nó faoi chúinsí nach mbíonn cóiríocht a shocraítear go príobháideach oiriúnach a thuilleadh.
Thug an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ‘Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta’ €400 isteach do dhaoine a thugann cóiríocht do dhaoine ar tairbhithe Cosanta Sealadaí iad tar éis gur theith siad an choimhlint san Úcráin. Déantar íocaíocht i riaráistí míosúla.
Aithníonn an íocaíocht flaithiúlacht daoine a chuir cóiríocht phríobháideach ar fáil d’íospartaigh ghéarchéime daonnúla, agus baineann tiomantas íosta óstála sé mhí leis.
Sa chás gur sholáthair óstach an chóiríocht sin, is féidir an íocaíocht a shiardhátú go dtí an 4 Márta 2022 agus cuirfear ar fáil í go dtí deireadh Mhárta 2023.
Riarann mo Roinn ‘an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta’ a íoc thar ceann na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus tá mé sásta chun tacú leis an Aire O’Gorman le rannchuidiú na ndaoine siúd a aithint a chuir a n-áiteanna cónaithe agus a dtithe ar fáil dóibh siúd a bhí ag éalú ón gcogadh san Úcráin.
Eisíodh luach iomlán €3.36 milliún d’íocaíochtaí go dtí seo maidir leis an scéim, agus déanfar íocaíocht uasta €2,000 i dtaca le haon réadmhaoin amháin maidir leis an tréimhse ó Mhárta go hIúil.
Tá súil agam go dtugann seo soiléiriú ar an gceist don Teachta Dála.