Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 September 2022

Thursday, 8 September 2022

Ceisteanna (2186)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2186. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén dul chun cinn atá déanta le bliain anuas ar fhorbairt Chéibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin; cén t-údar go bhfuil an oiread moille le cur chun cinn an togra seo [42623/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá forbairt Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Mar is eol don Teachta, is iad Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as Céim 3 den togra seo.

Mar chuid den obair ullmhúcháin, d’iarr Comhairle Contae na Gaillimhe ar Choláiste Náisiúnta Mara na hÉireann (NMCI) ionsamhlú den chuan a chruthú. Chun cinntiú go mbeadh an t-ionsamhlú seo chomh cruinn agus beacht agus is féidir, b’éigean don Chomhairle Contae sonraíocht teicniúil na mbád a bhaineann úsáid as an gcé a bhailiú.

Anuas air sin, b’éigean suirbhé baitaiméadrach a dhéanamh i mbéal an chuain chun tuilleadh eolais a bhailiú ar chúinsí mara agus comhshaoil. Is suirbhé thar a bheith sonrach é seo, a bhain úsáid as mapáil léasair, agus b’éigean fanacht go raibh na cúinsí mara oiriúnach le tabhairt faoi.

Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh na Roinne agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an bhforbairt seo. Ag an gcruinniú is deireanaí, dheimhnigh an Comhairle Contae go raibh an t-eolas ábhartha ar fad bailithe acu agus seolta ar aghaidh chuig an NMCI. Tá súil acu go mbeidh an t-ionsamhlú críochnaithe, tástáilte agus aiseolas tugtha sna seachtainí atá romhainn.

Nuair atá an obair seo curtha i gcrích, cuirfidh Comhairle Contae na Gaillimhe na torthaí san áireamh agus iad ag dréachtú cás gnó.

Barr
Roinn