Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 September 2022

Thursday, 8 September 2022

Ceisteanna (483)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

483. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i gceist aici Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a leasú le go mbeidh deontas ar fáil do na coláistí sean-bhunaithe a bhíodh ag fáil deontas ón Roinn Oideachais, ag cur san áireamh an titim atá i líon na leapacha atá ar fáil sna coláistí sa nGaeltacht ; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42562/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba faoin Roinn Oideachais a bheadh sé breithmheas a dhéanamh faoin deontas caipitíochta atá mar ábhar na ceiste. 

Mar a bhaineann sé le mo Roinnse, tá roinnt coláistí cónaithe sean-bhunaithe aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na mo Roinne. Níl sé i gceist ag mo Roinn ag an bpointe seo aitheantas a thabhairt d'aon choláiste nua chun críche na scéime sin. 

Tugadh tacaíocht bhreise don éarnáil seo níos túisce i mbliana tríd, go príomha, an deontas laethúil a íoctar faoi Scéim na Roinne a ardú  - socrú a bhí chun sochair na gcoláistí cónaithe thuasluaite dár ndóigh - agus tríd an gciste scoláireachta faoin tionscnamh DEIS Gaeltachta a ardú go suntasach chomh maith. 

Déanfar an scéal uile maidir le staid reatha agus todhchaí na gcoláistí Gaeilge a bhreithniú sna míonna amach romhainn.

Barr
Roinn