Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceisteanna Craolacháin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 September 2022

Wednesday, 14 September 2022

Ceisteanna (196)

Donnchadh Ó Laoghaire

Ceist:

196. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar intinn aici cead agus maoiniú a chur ar fáil do stáisiúin raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge agus an mbeadh sé de chead acu craoladh ar chóras FM ar fud an Stáit [44550/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ó 2009 i leith, tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, tá €119,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Chomh maith leis sin, thug mo Roinn €47,772 i bhfoirm maoinithe caipitil don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin.

Ar iarratas ó mo Roinn, tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag tabhairt faoi thionscadal taighde trí chéim faoi láthair a bhaineann le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil. Baineann Céim 1 den taighde seo leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc lucht éisteachta óg in Éirinn i gcoitinne, agus déanfaidh sé fiosrú chomh maith ar réimse ábhar maidir leis an éileamh ar sheirbhís hibrideach raidió, an cineál ábhair a bheadh feiliúnach don tseirbhís sin, agus an rochtain a bheadh uirthi. Baineann an taighde i gCéim 2 le tuairimí an sprioc-lucht éisteachta a bhfuiltear ag díriú air (daoine idir 15-34 bliain d’aois a úsáideann na meáin Ghaeilge ar bhonn rialta), maidir leis an réimse céanna ábhar. Baineann an taighde i gCéim 3 leis na gnéithe teicniúla a bheadh i gceist le seirbhís raidió do chainteoirí óga Gaeilge a chraoladh go féideartha ar an gcóras FM.

Táthar ag súil le tuairisc ar thorthaí an taighde seo faoi dheireadh na bliana. Beidh an tuairisc seo mar bhonn eolais faoi aon chinneadh a bhaineann le seirbhís ar FM a bhunú.

Barr
Roinn