Mar Aire Iompair, táim freagrach as an bpolasaí agus as an maoiniú foriomlán a bhaineann l’iompar poiblí.
Tá freagracht reachtúil ar an tÚdarás Náisiúnta Iompair (UNT) seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do phaisinéirí ar bhonn náisiúnta. Tá freagracht náisiúnta ar an tÚdarás maidir l’iompar áitiúil agus tuaithe chomhtháite chomh maith, soláthrú an Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh (‘Connecting Ireland’) san áireamh.
Os rud é go bhfuil freagrachtaí ar leith ar an tÚdarás seirbhisí de chuid an Phlean Soghluaisteachta Tuaithe a chur i bhfeidhm, seirbhísí i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae Maigh Eo ina measc, tá ceist an Teachta curtha ar aghaidh go dtí an tÚdarás agam. Iarraim air dul i dteangmháil le m’oifig phríobháideach muna bhfaigheann sé freagra laistigh de deich lá oibre.