Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coláistí Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 September 2022

Wednesday, 28 September 2022

Ceisteanna (130)

Catherine Connolly

Ceist:

130. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 19 den 21 Meitheamh 2022, an ndéanfaidh sí sonraí d'aon anailís a chur ar fáil atá déanta ag a Roinn ar Chlár na gColáistí Samhraidh, 2022 chun straitéis a chur i bhfeidhm don Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47600/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a cuireadh in iúl agus Ceist Dála 19 den 21 Meitheamh 2022 á freagairt, ghlac mé le trí chéim faoi leith i mbliana ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge:

- Níos luaithe i mbliana cheadaigh mé ardú deich fán gcéad sa deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar chostas tuairim is €400,000. Cabhróidh sé seo gan amhras le hiarrachtaí na gcoláistí teaghlaigh a choinneáil agus a mhealladh.

- Anuas air sin, cheadaigh mé ciste faoi leith ar fiú €400,000 chun go mbeidh an deis ag breis agus ceithre céad scoláire ó iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.

- Lena chois sin uile ceadaíodh gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí oíche faoin scéim mar bheart eisceachtúil don bhliain seo amháin.

Is fiú tuairim is €800,000 na beartais seo - ionann le maoiniú ós cionn €5m ar fad ar leas na hearnála i mbliana.

Ar ndóigh, leis an maoiniú breise de €2.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne a fógraíodh i mbuiséad 2023 le déanaí beidh mé ag iarradh tacaíocht breise a chur ar fáil dos na mná tí atá cheana sa chóras agus atá faoi bhrú ó thaobh costais maireachtála i gcomhthéacs lóistín a chur ar fáil do scoláirí faoina gcúram.

Chomh maith leis sin, caithfear teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa chóras, agus beidh mo Roinn ag breathnú ar conas na costais seo a mhaolú níos mó.

Ar bhonn ginearálta aithníonn mo Roinn ar ndóigh - ón bplé leanúnach a dhéanaimid le teaghlaigh Ghaeltachta atá cláraithe faoi scéim na Roinne, le lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus lena scáthghrúpa CONCOS - go bhfuil dúshlán faoi leith le sárú de thoradh tithe de chuid na scéime éirí as a bheith ag coinneáil scoláirí ar iostas ó 2019.

Níor mhiste dom a rá go bhfuil sonraí beachta faoin staid reatha ina leith seo uile á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair - anois go bhfuil tréimhse na gcúrsaí samhraidh thart - agus déanfar an scéal trí chéile a bhreithniú go cúramach nuair atá na sonraí sin faoi lámh.

Mar atá luaite agam cheana agus mar a gealladh roimhe seo go deimhin, tá mo Roinn i mbun na socruithe a dhéanamh faoi láthair chun cruinniú a eagrú gan mhoill leis an scáthghrúpa CONCOS agus go deimhin le hionadaíocht na mban tí chun go mbeidh deis ag an Roinn breathnú chun cinn ar na bealaí breise a mbeifear in ann tacú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Táim féin agus mo Roinn tiomanta leanúint ar aghaidh ag tacú oiread is féidir le hearnáil na gcoláistí Gaeilge faoi réir na mbearta ábhartha atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Barr
Roinn