Tá an cheist trí chéile maidir le bunú a leithéid de ghrúpa oibre á breithniú ag mo Roinn faoi láthair. Ar mhaithe le haghaidh láithreach a thabhairt ar na bealaí a bhféadfaí tacú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge, cheadaigh mé roinnt beartas faoi leith i mbliana.
De thoradh na mbearta sin:
- tá ardú ar fiú 20% curtha leis an deontas a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoírí Gaeilge le teaghlaigh a choinníonn scoláirí;
- tá cistíocht ar fiú €400,000 curtha ar fáil le deiseanna breise a sholáthar do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS seal freastal a dhéanamh ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht; agus
- tá ardú 300% ceadaithe don deontas tosaithe aon uaire atá iníochta le teaghlaigh nua a chláraíonn den chéad uair faoin scéim.
Táim sásta go n-imreoidh na bearta éagsúla seo tionchar dearfach ar an earnáil sa bhliain amach romhainn.