Catherine Connolly
Ceist:59. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Phairliminte 47573/22 cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh. [56942/22]
Amharc ar fhreagra