Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 December 2022

Thursday, 8 December 2022

Ceisteanna (251, 252)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

251. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard iad na riachtanais iontrála Ghaeilge nach mór do mhac léinn a chomhlíonah chun áit a fháil ar chúrsa múinteoireachta bunscoile sna coláistí tríú leibhéal atá maoinithe ag an Stát. [61529/22]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

252. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard iad na riachtanais iontrála Ghaeilge nach mór do mhac léinn a chomhlíonadh chun áit a fháil ar chúrsa múinteoireachta bunscoile sna coláistí tríú leibhéal príobháideacha ag leibhéal fo-chéimithe agus iar-chéimithe araon. [61530/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 251 and 252 together.

Tá sé beartaithe agam ceisteanna parlaiminte 61529/22 agus 61530/22 a thógáil le chéile.

Creidim go bhfuil an Teachta ag tagairt don chlár fochéime dá ngairtear Baitsiléir Oideachais (B.Ed. Sruth Ginearálta) agus don chlár iarchéime dhá bhliain dá ngairtear Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) don mhúinteoireacht bhunscoile.

Tá ceithre cinn d’Institiúidí Ardoideachais Státmhaoinithe ag soláthar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) don mhúinteoireacht bhunscoile. Soláthraíonn gach ceann díobh sin clár fochéime OTM/B.Ed. agus clár iarchéime/MGO ar bhonn lánaimseartha:

- Ollscoil Mhá Nuad (a chuimsíonn Coláiste Oideachais Froebel roimhe seo);

- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach;

- Institiúid Oideachais OCBÁC (a chuimsíonn Coláiste Oideachais Naomh Pádraig roimhe seo, Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann agus Institiúid Mater Dei);

- Institiúid Oideachais Marino.

Tá soláthraí príobháideach amháin, Coláiste Hibernia, nach soláthraíonn ach amháin clár iarchéime (MGO) (bunscoil agus iar-bhunscoil). Ní sholáthraíonn sé cúrsa fochéime.

Sonraíonn mo Roinnse na bunriachtanais iontrála sna croí-ábhair: Gaeilge, Béarla agus Matamaitic i gcomhair iontrála chuig cláir um Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) lena chinntiú go bhfuil sé de chumas ag múinteoirí bunscoile ceannaireacht a ghlacadh sna réimsí suntasacha sin d'fhoghlaim daltaí. Is é an riachtanas iontrála reatha san Ardteistiméireacht ná H4 sa Ghaeilge. 

Ní mór go mbeadh an leibhéal riachtanach i nGaeilge, i mBéarla nó i Matamaitic na hArdteistiméireachta ag na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear lucht fágála scoile, mic léinn lánfhásta agus céimithe ollscoile, nó sin a chomhionann atá ceadaithe i gcomhair iontrála chuig cláir OTM don bhunoideachas. 

I gcás mic léinn lánfhásta agus mic léinn atá ag dul isteach sa chlár iarchéime agus ar mic léinn iad nach sásaíonn na bunriachtanais iontrála sa Ghaeilge, sa Bhéarla nó sa Mhatamaitic, tá sé de rogha ag an iarrthóir an Ardteistiméireacht a dhéanamh an athuair nó tabhairt faoi chúrsa staidéir ar féidir ceann de na cáilíochtaí malartacha san ábhar (sna hábhair) atá i gceist a ghnóthú as mar atá léirithe sa Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) Riachtanais Iontrála agus Nósanna Imeachta a foilsíodh do 2022. Nasc: gov.ie - Conas cáiliú mar mhúinteoir bunscoile (www.gov.ie)

Beidh na riachtanais iontrála do 2023 á bhfoilsiú ag an Roinn go han-ghairid.

Question No. 252 answered with Question No. 251.
Barr
Roinn