Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 December 2022

Thursday, 8 December 2022

Ceisteanna (253, 254)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

253. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard é an caighdeán Gaeilge nach mór a bheith ag iar-mhac léinn de na coláistí tríú leibhéal Stáit le bheith cáilithe chun feidhmiú mar mhúinteoir bunscoile i scoileanna ina múintear trí Bhéarla agus i scoileanna ina múintear trí mheán na Gaeilge. [61531/22]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

254. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard é an caighdeán Gaeilge nach mór a bheith ag iar-mhac léinn de na coláistí oiliúna múinteoirí príobháideacha le bheith cáilithe chun feidhmiú mar mhúinteoir bunscoile i scoileanna ina múintear trí Bhéarla agus i scoileanna ina múintear trí mheán na Gaeilge. [61532/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 253 and 254 together.

Is éard a mholfainn ná plé le PQanna 61531/22 agus 61532/22 le chéile.

I gcomhréir le ciorclán 0044/2019, ní mór do mhúinteoirí i mbunscoileanna a bheith cáilithe chun an réimse d’ábhair bhunscoile a mhúineadh do pháistí idir 4 agus 12 bhliain d’aois. Dá réir sin, ní mór d’iarratasóirí a léiriú chun sástacht na Comhairle Múinteoireachta go bhfuil siad inniúil chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun an réimse d’ábhair atá ar an gcuraclam bunscoile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge sula dtugtar aitheantas iomlán dóibh chun dul ag múineadh i ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna.

Aithnítear é seo go soiléir sa cháipéisíocht a bhaineann le Caighdeáin na Comhairle Múinteoireachta, ó thaobh na gcaighdeán a leagtar amach don Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile, agus go gcaithfidh na cláir oiliúna tosaigh múinteoirí cloí leo chun creidiúnú a fháil.

Idir 2019 agus 2020, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a polasaí maidir leis na caighdeáin a bhaineann le cláir ITE roimh an dara timthriall d’athbhreithniú agus de chreidiúnú a dhéanamh ar chláir ITE. 

Rinneadh aiseolas ón bpróiseas seo a ghlacadh isteach sna caighdeáin athbhreithnithe: Céim: Caighdeáin in Oideachas Tosaigh Múinteoirí (2020)  Tá gach clár ITE nua agus na cinn atá ann cheana féin ag teacht le Céim anois: Caighdeáin don Oideachas Tosaigh Múinteoirí, do mhic léinn na chéad bhliana.

De réir chaighdeáin nua na Comhairle Múinteoireachta, caithfear féinmhuinín agus inniúlacht gach múinteoir faoi oiliúint ar fud gach clár bunscoile ITE, a gcuid Gaeilge labhartha san áireamh, a fhorbairt go leibhéal cuí le go mbeidh sé ar a gcumas curaclam Gaeilge na bunscoile a mhúineadh.

Maidir le mic léinn i mbun an B. Ed. and M.Ed trí mheán na Gaeilge a forbraíodh le déanaí, tugadh caighdeáin shonracha bhreise isteach dóibh maidir le hiontráil agus fágáil agus iad mar seo a leanas:

B.Oid trí Mheán na Gaeilge. (2019):

I Meán Fómhair 2019, cuireadh tús in Institiúid Oideachais Marino le B.Oid trí mheán na Gaeilge ceithre bliana ar fhad do mhúinteoirí bunscoile (Baitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge) agus critéir iontrála agus fágála Gaeilge breise ag baint leis. Sa chonradh atá ag Institiúid Oideachais Marino leis an Roinn Oideachais faoi láthair, tá foráil ann do chúig cohórt mac léinn, agus an cúigiú cohórt ag tabhairt faoin gclár ITE cheithre bliana in 2023.  Chun áit ar an gclár seo a bhaint amach, caithfidh gach iarrthóir:

- na híosriachtanais iontrála do gach clár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile a bhaint amach, mar a chinneann an tAire Oideachais

- na pointí CAO atá riachtanach don chlár oideachais tosaigh múinteoirí a bhaint amach.

- Leibhéal B1 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) i ngach réimse inniúlachta teanga sa Ghaeilge a bhaint amach.

Ar fhágáil an B.Oid dóibh, ní mór do mhic léinn a léiriú go bhfuil caighdeán “úsáideoir inniúil” Leibhéal C1 (CEFRL) bainte amach acu trí thriail inniúlachta sa Ghaeilge a dhéanamh (a rinneadh í a bhailíochtú go seachtrach), triail a ndéanann tástáil ar na hinniúlachtaí teanga ar fad (éisteacht, léamh, plé ó bhéal, cumas chur in iúl, scríbhneoireacht) sa Ghaeilge.

Tá súil agam go bhfuil an t-eolas seo cabhrach.

Barr
Roinn