Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 December 2022

Tuesday, 13 December 2022

Ceisteanna (282)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

282. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil a fhios aici go bhfuil fostaithe de chuid Fhoras na Gaeilge sa Stát seo ag íoc ÁSPC d'Aicme A agus ranníocaíochtaí pinsin ar scála pá aguisín 1A, ach go bhfuil an scála pá 2A aitheanta ag Foras na Gaeilge ina leith nuair a íoctar deontais leis na heagraíochtaí Gaeilge, agus an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go réiteofar an éagóir seo i dtaca le pá fostaithe agus iarfhostaithe de chuid an Fhorais. [61897/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá socruithe difriúla pá agus pinsin ag na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, cosúil le Foras na Gaeilge, ná mar atá ag an Státseirbhís. Léiríonn sé seo nádúr uathúil trasteorann na gcomhlachtaí seo, a bhfuil fostaithe acu sa dá dhlínse.

Tuigtear dom go bhfuil Ciorclán 22/2017 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dírithe ar státseirbhísigh amháin agus go bhféadfadh sé nach mbaineann sé le cúinsí sonracha comhlachtaí seirbhíse poiblí eile, mar atá anseo.

Socraítear na scálaí atá infheidhmithe chun críocha pá maidir le foireann theas na gComhlachtaí Thuaidh/Theas de réir a gcatagóir ballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh/Theas (i.e. cibé acu an bhfuil siad ina gcomhaltaí den Chroí-Scéim Pinsin nó an Scéim Cearta Forchoimeádta).

Tá scálaí pá Ranníocaíochta Pinsin Neamhphearsanta i bhfeidhm ar chomhaltaí na Croí-Scéime sin ó cuireadh tús léi in Aibreán 2005. Tá an Chroí-Scéim Pinsin Thuaidh/Theas bunaithe ar shocruithe pinsin státseirbhís Thuaisceart Éireann.

Leanann na scálaí pá seo d’fheidhm a bheith acu tar éis leasuithe “Hutton” ar an gCroí-Scéim i mí Aibreáin 2015, inar tugadh isteach roinnt beart chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na Scéime a chinntiú, bunaithe ar na hathruithe ar shocruithe pinsin státseirbhís Thuaisceart Éireann. Sular tugadh isteach na hathchóirithe seo, tugadh rogha aonuaire do gach ball foirne ó dheas chun ballraíocht a choinneáil sa Croí-Scéim nó bogadh chuig an Scéim Cearta Forchoimeádta nó a mhalairt.

Is fiú cuimhneamh air, mar aitheantas ar na rátaí ranníocaíochta méadaithe atá déanta ag comaltaí na Croí-Scéime Pinsin Thuaidh/Theas ó Aibreán 2015, go ndéantar foráil san Acht um Pá agus Pinsin na Seirbhíse Poiblí 2017 do dhíolúine ón Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise nua do chomhaltaí na Croí-Scéime ón 1 Eanáir 2019. Tá deireadh leis an gceanglas maidir le hAsbhaint a bhaineann le Pinsean a íoc ón dáta seo freisin.

Barr
Roinn