Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéisí Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 December 2022

Wednesday, 14 December 2022

Ceisteanna (69)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

69. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon chomhairliúchán déanta ag a Roinn le hearnáil scannánaíochta na Gaeilge agus le hearnáil na dtaibhealaíon Gaeilge, lena n-áirítear An Taibhdhearc, TG4, Léiritheoirí Scáileáin Éireann, agus oibrithe cruthaitheacha agus teicniúla sna héarnálacha sin, maidir leis an Straitéis Náisiúnta d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge atá á cur le chéile ag a Roinn, agus an dtabharfaidh sí ráiteas i dtaobh an dul chun cinn atá déanta ar an Straitéis sin agus an dáta faoina mbeidh an Straitéis réidh. [62572/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca breise d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann, rinne mo Roinn, i gcomhar le hÉire Ildánach, tuairisc a choimisiúnú faoin ábhar in 2018.  Is é Ollscoil Luimnigh faoi scáth Ealaín na Gaeltachta a ceapadh don chúram le maoiniú ón Roinn agus Éire Ildánach.

Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an Roinn faoi láthair i gcomhar le páirtithe leasmhara ina leith i dtreo an tuairisc a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.  Chun tacú le dlús a chur le feidhmiú príomh-mholtaí na tuairisce beidh cistíocht faoi leith á chur go leataobh ina leith in 2023.

Comhthreomhar leis seo uile, cuirtear maoiniú faoi leith ar fáil ar bhonn leanúnach chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca don phróiseas pleanála teanga inter alia.  I measc na n-eagraíochtaí a gcuirtear an maoiniú seo ar fáil dóibh chun tacú lena gcláir oibre a mbíonn baint dhíreach nó tánaisteach aige leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta,  an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus An Taibhdhearc.

Barr
Roinn