Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 January 2023

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna (48)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

48. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé acu de na forálacha nach bhfuil i bhfeidhm fós d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhfuil sé i gceist aici tosach feidhme a chur leo i mbliana; an ndéanfaidh sí amchlár a leagan amach dó sin; agus an ndéanfaidh sí an doiciméad oibre atá ag a Roinn ina leith a fhoilsiú. [3670/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé i gceist go mbeidh tús feidhme curtha le gach fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 roimh dheireadh 2023, seachas Alt 17, toisc nach féidir é a bheith curtha i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga don tseirbhís phoiblí aontaithe. Leagtar amach thíos na dátaí faoina bhfuil i gceist tús feidhme a chur leis na forálacha éagsúla:

- 15/03/2023- Na hAilt seo a leanas: 2a, 2b, 7, 9, 10, 11, 15, 18 agus 1

- 30/04/2023- Na hAilt seo a leanas: 3 agus 16

- 31/05/2023- Na hAilt seo a leanas: 12, 13 agus 14

- 31/10/2023- Na hAilt seo a leanas: 4 agus 5.

Agus an sceideal tosaithe seo curtha i bhfeidhm, beidh tús curtha le gach alt ábhartha den Acht roimh dheireadh 2023 - bliain iomlán roimh an spriocdháta atá sonraithe san Acht. Leis an obair go léir a dhéanfar maidir le cur i bhfeidhm an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu.

Barr
Roinn