Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coimisinéir Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 January 2023

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna (64)

Catherine Connolly

Ceist:

64. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad sonraí agus stádas an fheachtais earcaíochta maidir le Coimisinéir Teanga nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3699/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Leagtar amach an próiseas do cheapadh an Choimisinéara Teanga in Alt 20 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir Alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: “Is é an tUachtarán ar chomhairle an Rialtais a dhéanfaidh duine a cheapadh chun bheith ina C(h)oimisinéir tar éis rún a ritheadh i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ag moladh cheapacháin an duine.”

Tá tús curtha ag an Roinn leis an bpróiseas chun ceapachán nua a dhéanamh agus, chuige sin, tá cead faighte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun dul ar aghaidh leis an bpost seo a líonadh. Is é an chéad chéim eile ná leabhrán comórtais a ullmhú a fhógrófar ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (chomh maith leis an bhfolúntas a chur chun cinn trí mheáin éagsúla eile).

Meastar go dtógfaidh sé suas le trí mhí ó dháta na fógraíochta chun iarrthóir a roghnú.

Barr
Roinn